Irish Phrases Starting with "I"
-
Thóg mé sos ón obair
I took a break from work
-
Dheineas iarracht glaoch ar an tiarna talún
I tried to call the landlord
-
Rinne mé iarracht glaoch ar an tiarna talún
I tried to call the landlord
-
Tá muinín agam asat
I trust you
-
tuigim
I understand
-
Tuigim beagán.
I understand a little.
-
Tuigim an bheirt agaibh ach caithfidh mé a rá gurb í Oíche Shamhna an fhéile is ansa liom! Is breá liom na feistis agus na tinte ealaíne.
I understand both of you but I have to say that Halloween is my favourite festival! I love the costumes and the fireworks.
-
Tuigim.
I understand.
-
Tuigim. An bhfuil bua na garraíodóireachta agat?
I understand. Do you have green fingers?
-
Tuigim. Déanaim féin sealobair agus mar sin de uaireanta bím ag obair san oíche agus uaireanta bím ag obair i rith an lae.
I understand. I myself do shift work so sometimes I am working at night and sometimes I am working during the day.
-
Úsáidim na meáin shóisialta deich n-uaire sa lá
I use social media ten times a day
-
Bhíodh eagla orm roimh an dorchadas
I used to be afraid of the dark
-
Léinn finscéalta nuair a bhí mé óg
I used to read fairy stories when I was young
-
Ba ghnách liom...
I used to...
-
Tugaim cuairt ar mo sheantuismitheoirí ó am go ham
I visit my grandparents from time to time
-
Thug mé cuairt ar chairde sa tSualainn
I visited friends in Sweden
-
Bím ag siúl go minic.
I walk often.
-
Shiúil mé ar an trá; chuaigh mé ag snámh; d'ól mé cúpla pionta sa phub san oíche...rudaí mar sin.
I walked on the beach; I swam; I drank a couple of pints in the pub in the evenings...things like that.
-
Shiúil mé chuig an bpictiúrlann
I walked to the cinema
-
Tá taoschnó seacláide uaim.
I want a chocolate doughnut.
-
Tá ceithre rollóg aráin uaim.
I want four bread rolls.
-
Tá tae agus arán ag teastáil uaim
I want/need tea and bread
-
Bhí mé ag iarraidh bróga nua a cheannach agus bhain mé triail as cúpla siopa ach níor éirigh liom bróga deasa a aimsiú.
I wanted to buy new shoes and I tried a few shops but I couldn't find nice shoes.
-
Bhí mé
I was
-
bhí mé
I was
-
bhíos
I was (Munster)
-
Bhain muiscít greim asam.
I was bitten by a mosquito (literally,“A mosquito took a bite out of me”)
-
Rugadh agus tógadh i Luimneach mé
I was born and raised in Limerick
-
Bhí mé ag dornálaíocht.
I was boxing.
-
bhí mé ar mo chompord
I was comfortable, at ease
-
Bhí mé in Éirinn anuraidh.
I was in Ireland last year.
-
Bhí mé faoin tuath inné, agus chonaic mé sionnach!
I was in the countryside yesterday, and I saw a fox!
-
Bhí mé ar an mbóthar ag a seacht a chlog
I was on the road at seven o'clock
-
Bhí mé tinn inné.
I was sick yesterday.
-
Bhí mé i mo shuí an lá ar fad.
I was sitting down all day.
-
Bhí mé ag suí síos chun dinnéir nuair a bualadh cnag ar an doras.
I was sitting down to dinner when there was a knock on the door.
-
Bhí mé i mo chodladh ar an tolg.
I was sleeping on the sofa.
-
Bhí mé ann ar feadh míosa anuraidh.
I was there for a month last year.
-
Bhí mé ar camchuairt san Áise
I was touring Asia
-
bhí mé ar deargmheisce
I was very drunk
-
Bhí mé ag obair i siopa deich mbliana ó shin
I was working in a shop ten years ago
-
Ní raibh mé ag súil leis sin
I wasn't expecting that
-
D'fhéach mé ar scannán buachaillí bó
I watched a cowboy movie
-
Chuaigh mé thar lear
I went abroad
-
Chuaigh mé abhaile go luath aréir
I went home early last night
-
Chuaigh mé ar shiúlóid threoraithe thart ar an oileán agus d’fhoghlaim mé cuid mhaith faoi stair agus scéalta an oileáin.
I went on a guided walk around the island and I learnt a lot about the history and stories of the island.
-
Chuaigh mé de shiúl na gcos.
I went on foot.
-
Chuaigh mise ag siopadóireacht freisin ach níor cheannaigh mé aon rud!
I went shopping too but I didn't buy anything!
-
Chuaigh mé ó dheas go Port Láirge Dé hAoine, agus d'fhill mé aneas Dé Domhnaigh
I went south to Waterford on Friday, and returned north on Sunday
-
Chuaigh mé ag tonnmharcaíocht
I went surfing
-
Chuaigh mé a luí go luath aréir
I went to bed early last night
-
Chuaigh mé go Doire inné.
I went to Derry yesterday.
-
Chuaigh mé go dtí an Ghréig
I went to Greece
-
Chuaigh mé go dtí an Phortaingéil i mí Aibreáin ach bhí an aimsir go dona – bhí sé ag cur báistí gach lá.
I went to Portugal in April but the weather was bad - it was raining every day.
-
Chuaigh mé chun na Spáinne
I went to Spain
-
Chuaigh mé chuig an gcósta thiar
I went to the west coast
-
Chuaigh mé ag taisteal i Meiriceá Theas
I went travelling in South America
-
Beidh mé
I will be
-
Beidh mé sa bhaile le mo mhuintir. Is maith liom am a chaitheamh le mo theaghlach agus le seanchairde.
I will be at home with my people. I like to spend time with my family and old friends.
-
Beidh mé in Éirinn ar feadh seachtaine.
I will be in Ireland for a week.
-
Beidh mé ann ar bhur son.
I will be there for you (plural).
-
Beidh mé. Ach ar dtús, beidh mé ar thóir milseán le mo pháistí.
I will be. But first, I will be hunting for candy with my children.
-
Ceannóidh mé nuachtán.
I will buy a newspaper.
-
Ceannóidh mé táirgí de dhéantús na Gaeltachta.
I will buy products made in the Gaeltacht.
-
Déanfaidh mé
I will do
-
Déanfaidh mé Gaeilge Gach Lá
I will do Irish Every Day
-
Déanfaidh mé ar son mo pháistí é.
I will do it for my children.
-
Déanfaidh mé ar do shon é.
I will do it for you.
-
Déanfaidh mé amárach é.
I will do it tomorrow.
-
Déanfaidh mé...
I will do...
-
Íosfaidh mé iasc gach Aoine sa Charghas
I will eat fish every Friday in Lent
-
Éireoidh mé go luath ar maidin agus ceannóidh mé nuachtán.
I will get up early in the morning and I will buy a newspaper.
-
Beidh an friochadh agam, más é do thoil é.
I will have the fry, please.
-
Coinneoidh mé dialann as Gaeilge.
I will keep a diary in Irish.
-
Éistfidh mé le podchraoltaí as Gaeilge.
I will listen to podcasts in Irish.
-
Déanfaidh mé cleachtadh ar na fuaimeanna a bhíonn deacair dom.
I will practise the sounds that I find difficult.
-
Léifidh mé scéalta as Gaeilge.
I will read stories in Irish.
-
rithfidh mé
I will run
-
Sábhálfaidh mé mo chuid airgid.
I will save my money.
-
Déarfaidh mé "haigh" le Máire ar do shon!
I will say "hi" to Máire for you!
-
Crochfaidh mé seolta 'gus gabhfaidh mé siar
I will set sail and I'll go west
-
labhróidh mé
I will speak
-
Labhróidh mé cúpla focal Gaeilge gach lá
I will speak a few words of Irish every day
-
Déanfaidh mé staidéar gach lá.
I will study every day.
-
Ceanglóidh mé an rópa.
I will tie the rope.
-
Úsáidfidh mé an Ghaeilge agus mé ag caint liom féin, nó le mo pheata, nó le mo chairde.
I will use Irish when talking to myself, or to my pet, or to my friends.
-
Tá mé chun cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht.
I will visit the Gaeltacht.
-
Féachfaidh mé ar TG4 chomh minic agus is féidir.
I will watch TG4 as often as possible.
-
Scríobhfaidh mé mo liosta siopadóireachta as Gaeilge.
I will write my shopping list in Irish.
-
Ní bheidh mé i nGaillimh amárach.
I won't be in Galway tomorrow.
-
Ní dhéanfaidh mé dearmad air.
I won't forget it.
-
Ní bhfaighidh mé carr nua do mo bhreithlá, mar bheadh sé sin ró-daor.
I won't get a new car for my birthday, as that would be too expensive.
-
Ní bhfaighidh mé mo phá roimh Dé hAoine.
I won't get my pay before Friday.
-
Ní dhéanfaidh mé deifir, mar níl mé mall.
I won't hurry, because I'm not late.
-
Ní tharraingeoidh mé an rópa.
I won't pull the rope.
-
Ní dhéarfaidh mé "go raibh maith agat" leis.
I won't say "thank you" to him.
-
Ní déarfaidh mé le do thuismitheoirí má theipeann ort sa scrúdú
I won't tell your parents if you fail the exam
-
Ní oibreoidh mé go déanach anocht.
I won't work late tonight.
-
Oibrím do chomhlacht mór.
I work for a big company.
-
Oibrím i mbanc
I work in a bank